Beidh an Teachta feasach gur fhógair mé ar an ochtú lá déag d’Éanair go gcuirfear múnla nua chun acmhainní múinteoireachta don oideachas speisialta a dháileadh ar bhunscoileanna agus ar iar- bhunscoileanna príomhshrutha. Bheartaigh grúpa oibre a chuir an Comhairle Náisiúnta Um Oideachas Speisialta, an múnla dháilidh nua ar bun, agus deineadh tuilleadh forbartha air ag an Roinn Oideachais agus Scileanna in éineacht le tuistí, oidí, ionadaí ó eagraíochtaí míchumais, agus páirtithe eile sa chóras oideachais.
Chuaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Chomhairle Naisiúnta Um Oideachas Speisialta i gcomhairle le raon leathan páirtithe, Foras Patrúnachta, agus Gaelscoileanna Teo san áireamh maidir le dul chun cinn a dhéanamh ar an múnla nua. Tharla an cruinniú chomhairliúcháin is déanaí ar an dara lá déag d’Eanáir 2017.
Cé go gcuirfear an múnla dháilidh nua i bhfeidhm go cothram ar na scoileanna go léir, i slí atá bunaithe ar phróifíl de riachtanais speisialta na scoile, chomh maith le sin tá aitheantas faoi leith tugtha ag mo Roinn do raon dushlán a d'árdaigh páirtithe a d’fhéadfaí a bheith i gceist maidir le Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.
Ag díriú ar an eilimint den phróifíl scoile a bhaineann le riachtanais foghlama scoileanna mar a léirítear é i dtorthaí scrúdaithe caighdeánaithe sa litearthacht agus san uimhearthacht, chuir an Roinn san áireamh, an dearcadh a léirigh Gaelscoileanna Teo, ‘sé sin, d’fheadfaí in a lán Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta gurb í an Ghaeilge príomh-theanga dhaltaí a fhreastlaíonn ar an scoil agus go ndéanann roinnt scoileanna, tacaíocht bhreise a sholáthar don litearthacht trí mheán na Gaeilge.
Dá bhrí sin, maidir le Gaelscoileanna agus scoileannna Gaeltachta, d’aontaigh an Roinn go ndéanfar na torthaí ó scrúduithe caighdeánaithe sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a chomhbhailiú chun áireamh a dhéanamh don ghné den phróifíl scoile a bhaineann le gnóthú daltaí bunscoile sa litearthacht.
Cuirfidh an dáil de mhúinteoreacht bhreise don oideachas speisialta a bheidh ann do gach scoil de réir an mhúnla nua, tacaíocht ar fáil sa litearthacht. I scoileanna lán Ghaeilge is féidir leis an scoil an tacaíocht a sholáthar do fhorbairt na litearthachta sa Ghaeilge nó sa Bhéarla, nó a rogha a dhéanamh de réir riachtanais na scoile fein.
Ta státseirbhísigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna sásta bualadh le Gaelscoileanna Teo, go luath amach anseo, maidir le forbairt an mhúnla dháilidh nua a phlé agus conas mar a cheapann siad go rachadh an dáil nua i bhfeidhm ar an oideachas i suíomh thumoideachais.