Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Riachtanas Speisialta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 7 February 2017

Tuesday, 7 February 2017

Ceisteanna (256)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

256. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an gcuirfear múinteoireacht tacaíochta ar fáil sa Bhéarla, sa Ghaeilge agus sa Mhatamaitic i ngach scoil Gaeltachta agus Gaelscoil mar chuid de na socruithe nua atá ag teacht isteach maidir le tacaíocht foghlama agus acmhainní; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [6075/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Beidh an Teachta feasach gur fhógair mé ar an ochtú lá déag d’Éanair go gcuirfear múnla nua chun acmhainní múinteoireachta don oideachas speisialta a dháileadh ar bhunscoileanna agus ar iar- bhunscoileanna príomhshrutha.  Bheartaigh grúpa oibre a chuir an Chomhairle Náisiúnta Um Oideachas Speisialta, an múnla dháilidh nua ar bun, agus deineadh tuilleadh forbartha air ag an Roinn Oideachais agus Scileanna in éineacht le tuistí, oidí, ionadaí ó eagraíochtaí míchumais, agus páirtithe eile sa chóras oideachais.  

Chuaigh an Roinn Oideachais agus Scileanna agus an Chomhairle Naisiúnta Um Oideachas Speisialta i gcomhairle le raon leathan páirtithe, Foras Patrúnachta, agus Gaelscoileanna Teo san áireamh maidir le dul chun cinn a dhéanamh ar an múnla nua. Tharla an cruinniú chomhairliúcháin is déanaí ar an dara lá déag d’Eanáir 2017.

Cé go gcuirfear an múnla dháilidh nua i bhfeidhm go cothram ar na scoileanna go léir, i slí atá bunaithe ar phróifíl de riachtanais speisialta na scoile, chomh maith le sin tá aitheantas faoi leith  tugtha ag mo Roinn do raon dushlán a dárdaigh páirtithe a d’fhéadfaí a bheith i gceist maidir le Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta.

Ag díriú ar an eilimint den phróifíl scoile a bhaineann le riachtanais foghlama scoileanna mar a léirítear é i dtorthaí scrúdaithe caighdeánaithe sa litearthacht agus san uimhearthacht, chuir an Roinn san áireamh, an dearcadh a léirigh Gaelscoileanna Teo, ‘sé sin, d’fheadfaí in a lán Gaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta  gurb í an Ghaeilge príomh-theanga dhaltaí a fhreastlaíonn ar an scoil agus go ndéanann roinnt scoileanna, tacaíocht bhreise a sholáthar don litearthacht trí mheán na Gaeilge.

Dá bhrí sin, maidir le Gaelscoileanna agus scoileannna Gaeltachta, d’aontaigh an Roinn go ndéanfar na torthaí ó scrúduithe caighdeánaithe sa Ghaeilge agus sa Bhéarla a chomhbhailiú chun áireamh a dhéanamh don ghné den phróifíl scoile a bhaineann le gnóthú daltaí bunscoile sa litearthacht.

Cuirfidh an dáil de mhúínteoreacht bhreise don oideachas speisialta a bheidh ann do gach scoil de réir an mhúnla nua, tacaíocht ar fáil sa litearthacht. I scoileanna lán Ghaeilge is féidir leis an scoil an tacaíocht a sholáthar do fhorbairt na litearthachta sa Ghaeilge nó sa Bhéarla, nó a rogha a dhéanamh de réir riachtanais na scoile fein.

Ta státseirbhísigh ón Roinn Oideachais agus Scileanna sásta bualadh le Gaelscoileanna Teo, go luath amach anseo, maidir le forbairt an mhúnla dháilidh nua a phlé agus conas mar a cheapann siad go rachadh an dáil nua i bhfeidhm ar an oideachas i suíomh thumoideachais.

Barr
Roinn