Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pátrúnacht Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 2 March 2017

Thursday, 2 March 2017

Ceisteanna (78, 79, 80)

Carol Nolan

Ceist:

78. D'fhiafraigh Deputy Carol Nolan den Aire Oideachais agus Scileanna cén sásra a bheidh ann chun measúnú agus freastal a dhéanamh ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge faoin bplean nua chun dífheistiú pátrúnachta a chur chun cinn, ós rud é go bhfuil sé luaite mar cheann de na príomhfheidhmeanna a bheadh ag an bpróiseas dífheistithe. [10960/17]

Amharc ar fhreagra

Carol Nolan

Ceist:

79. D'fhiafraigh Deputy Carol Nolan den Aire Oideachais agus Scileanna an n-aontaíonn sé le Gaeloideachas go bhfuil baol ann, tríd an gcur chuige nua atá beartaithe, gur pobalscoileanna náisiúnta trí mheán an Bhéarla a bheidh mar thoradh ar an bpróiseas, toisc na Boird Oideachais agus Oiliúna a bheith i mbun an chomhairliúcháin agus iad cheana féin aitheanta mar a rogha pátrúin ag an gComhpháirtíocht Scoileanna Caitliceacha. [10961/17]

Amharc ar fhreagra

Carol Nolan

Ceist:

80. D'fhiafraigh Deputy Carol Nolan den Aire Oideachais agus Scileanna an n-aontaíonn sé go bhfuil sé de riachtanas go mbeadh áisíneacht nó údarás neamhspleách agus neodrach ag tabhairt faoin gcomhairliúchán le tuismitheoirí maidir le dífheistiú, agus mar sin de nach bhfuil sé feiliúnach go dtabharfadh an Boird Oideachais agus Oiliúna faoi ós rud é go bhfuil siad san iomaíocht chun pátrúnacht bunscoileanna nua a bhaint amach. [10962/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 78, 79 agus 80 le chéile.

Creidim go bhfuil na Boird Oideachais agus Oiliúna (BOO), mar údarás oideachais áitiúil an Stáit, foirfe chun tabhairt faoin gcomhchomhairle leis na tuismitheoirí réamhscoile sa phróiseas seo. Ceann de na gearáin a bhí ann maidir leis an bpróiseas roimhe seo ná nár cuireadh pobail áitiúla agus geallsealbhóirí áitiúla san áireamh a dhóthain. Tá na BOO, mar údaráis oideachais reachtúla, i láthair i ngach contae, le hionadaíocht ó ghrúpaí áitiúla agus óna mbord, an-fheiliúnach go deo chun an próiseas seo a chur i gcrích.

Tá na pleananna nua deartha chun scoileanna breise il-sainchreidmheacha a sholáthar i gceachtar de dhá theanga oifigiúla an náisiúin. Tá líon suntasach gaelscoileanna faoi phátrúnacht pátrún sainchreidmheacha i láthair na huaire. Faoi réir cinntí maidir leis na scoileanna atá le haistriú, is dócha go mbeidh gaelscoileanna i measc na scoileanna sin a bheidh á mbreithniú lena n-aistriú chuig pátrúin il-sainchreidmheacha, lena n-áirítear pátrúin le Gaeilge.

Sa chéim a bhaineann le cur i bhfeidhm an phróisis, leagfar níos mó béime ar na pátrúin atá ann cheana a rachaidh i mbun comhchomhairle leithne le scoileanna agus le pobail sna limistéir atá i gceist agus leis na pátrúin ionchasacha sula ndéanfar cinneadh maidir le ceann scríbe an aistrithe pátrúnachta. Déanfar gach pátrún, lena n-áirítear pátrúin le Gaeilge, a bhreithniú sa phróiseas. Toisc gur scoileanna "beo" nó scoileanna atá ann cheana iad na scoileanna a bheidh le haistriú, beidh tuairimí phobal na scoile maidir leis an bpátrúnacht nua, mar aon le tuairimí na gcomhlachtaí pátrún ionchasach, mar chuid nach beag ina thaobh seo.

Barr
Roinn