Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Stádas Thionscadail Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 9 March 2017

Thursday, 9 March 2017

Ceisteanna (130)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

130. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair atá súil go mbeidh cinneadh ag an Roinn faoi thogra tógála atá beartaithe le tamall do scoil (sonraí tugtha) ar cuireadh na pleananna is deireanaí ina leith chuig an Roinn i mí na Samhna seo caite; cad iad na céimeanna a chaithfear a ghlacadh sula ndéanfar cinneadh; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12669/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

D’fhaomh mo Roinn deontas deabhlaithe suntasach i mí Mheán Fómhair 2014 don scoil faoi chaibidil chun méadú buan a thógáil agus oibreacha athchumraithe a dhéanamh. Mar thoradh air seo d’fhéadfaí an chóiríocht réamhdhéanta a bhaint ó láthair na scoile.

Fuair mo Roinn togra le déanaí chun tabhairt faoi réimse oibreacha níos mó a bhfuil costais shuntasacha i gceist léi. Táthar ag féachaint ar an togra athbhreithnithe faoi láthair agus cuirfear cinneadh ar an scéal chuig údarás na scoile chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn