Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 May 2017

Tuesday, 2 May 2017

Ceisteanna (704)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

704. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cén dul chun cinn atá déanta leis an réamhobair chun síneadh a chur le céibh Inis Oírr; cad iad na socruithe ina leith seo atá déanta go dáta ag an Roinn; cé mhéid airgid atá ceadaithe don obair seo; cén caiteachas a mheastar a bhainfidh leis an togra seo i mbliana; cad iad na céimeanna a chaithfear a ghlacadh sula mbronnfar conradh don obair seo; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19637/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Scríobh mo Roinn chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe tamall ó shin mar gheall ar an tionscadal seo. Ag eascairt as sin, tá aontaithe ag mo Roinn leis an gComhairle go rachfar ar aghaidh le hathfhostú chomhlacht comhairleoireachta ar mhaithe leis an tionscadail a thabhairt chun cinn.  Mar chéad chéim den chur chuige seo, tá i gceist iarraidh ar na comhairleoirí luacháil a dhéanamh ar chostas iomlán an tionscadail.  Beidh i gceist chomh maith plean oibre chun é a chur i gcríoch a ullmhú. Ní féidir, dá réir, an caiteachas a dhéanfar ar an tionscadal in 2017 a mheas ag an bpointe seo.   

Barr
Roinn