Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 2 May 2017

Tuesday, 2 May 2017

Ceisteanna (705)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

705. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta cad iad na socruithe atá déanta idir a Roinn agus Comhairle Chontae na Gaillimhe maidir le tuilleadh oibre a dhéanamh ar chéibh Inis Meáin; an mbeidh comhcomhairliúchán roimh ré ann leis na hoileánaigh agus le lucht úsáidte na céibhe maidir leis an obair atá i gceist; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [19638/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar mhaithe le dlús a chur le forbairt Chéim III de Ché an Chalaidh Mhóir in Inis Meáin, tá scríofa ag mo Roinn le déanaí chuig Comhairle Chontae na Gaillimhe ag lorg soiléirithe uathu maidir le staid reatha an tionscadail. Cuimsíonn sé seo cur síos ar an obair atá déanta go dáta, soiléiriú maidir leis na ceadúnais faighte atá fós bailí agus cur síos ar amchlár imlíneach na gcéimeanna atá le tógáil chun an tionscadail a chur i gcríoch. Ach an fhaisnéis seo bheith faighte ón gComhairle Chontae, beidh mé in ann cinneadh a dhéanamh maidir le maoiniú an chéad céim eile den tionscadal.

Tuigtear dom go bhfuil oifigigh mo Roinne ag casadh le hionadaithe ó Inis Meáin an tseachtain seo chun na féidearthachtaí i ndáil leis an tionscadal seo a bhrú chun cinn a phlé agus go bhfuil i gceist cruinniú le Comhairle Chontae na Gaillimhe a eagrú ina dhiaidh sin.

Barr
Roinn