Catherine Murphy
Ceist:238. D'fhiafraigh Deputy Catherine Murphy den Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt an aontaíonn sé, nuair a bhíonn comhartha tráchta le huasdátú nó le hathrú, gur chóir leagan Gaeilge cinntithe a bheith air, gur chóir an leagan sin a bheith ar cóimhéid leis an leagan Béarla, agus gur chóir go mbeadh sé i ngnáthchló mar a bhíonn an leagan Béarla, ionas go mbeidh comharthaí tráchta na hÉireann ar aon dul leis an dearadh i ndlínsí dátheangacha eile ar nós na hAlban, agus ionas go mbeidh siad ag teacht le moltaí saineolaithe teanga idirnáisiúnta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [22215/17]
Amharc ar fhreagra