Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cóiríocht Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 June 2017

Tuesday, 20 June 2017

Ceisteanna (487)

Pearse Doherty

Ceist:

487. D'fhiafraigh Deputy Pearse Doherty den Aire Oideachais agus Scileanna an ndéanfaidh an Roinn teagmháil dhíreach le bord bainistíochta scoile i gcontae Dhún na nGall (sonraí curtha ar fáil) d'fhonn teacht ar réiteach atá inghlactha i gcoitinne ar an easpa spáis atá sa chlós scoile; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [27154/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is féidir liom a dheimhniú don Teachta nach bhfuair mo Roinn aon chumarsáid ón scoil a dtagraítear di maidir le ceisteanna a bhaineann lena gclós scoile.

Tá sé de rogha ag údaráis na scoile teagmháil dhíreach a dhéanamh le hAonad Pleanála agus Tógála mo Roinne chun ceisteanna den sórt sin a phlé agus treoir a lorg maidir le hiarratas chuí a dhéanamh ar mhaoiniú, nuair is gá sin.

Barr
Roinn