Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cóiríocht Scoile

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 June 2017

Tuesday, 20 June 2017

Ceisteanna (583)

Catherine Connolly

Ceist:

583. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais agus Scileanna an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir le stádas an iarratais atá déanta ag scoil (sonraí leis seo); an bhfuil cinneadh déanta ina leith; mura bhfuil, cén uair a bheidh cinneadh déanta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [28492/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cheadaigh mo Roinn deontas cineachta suntasach i Meán Fómhair 2014 don scoil i dtrácht le haghaidh leathnú buan agus oibreacha athchumraíochta trína ndéanfaí gach cóiríocht réamhdhéanta a bhaint de láithreán na scoile.

Le déanaí, fuair mo Roinn togra le haghaidh méadú ar na hoibreacha sin, a chosnódh i bhfad níos mó airgid. D’iarr mo Roinn soiléiriú ar na costais agus déanfar an scéal a bhreithniú tuilleadh nuair a bheidh na costais sin againn.

Barr
Roinn