Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéimeanna Rannach

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 20 June 2017

Tuesday, 20 June 2017

Ceisteanna (991)

Pat the Cope Gallagher

Ceist:

991. D'fhiafraigh Deputy Pat The Cope Gallagher den Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta an dtabharfaidh sí míniú maidir le cén fáth nár ceadaíodh aon airgead i gClár Caipitil na nOileán d’oileáin i nDún na nGall; an dtabharfaidh sí míniú maidir le cén fáth, i ndiaidh cuairt le gairid ón Aire Stáit ar na hoileáin atá i gceist, agus na ndearbhuithe a tugadh, nach raibh na hoileáin san áireamh sa chlár maoinithe; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [29019/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níos túisce i mbliana, d’iarr mo Roinn ar údaráis áitiúla ábhartha iarratais a chur chuici ar chomh-mhaoiniú ó mo Roinn chun cláir mhionoibreacha ar na oileáin a chur i gcrích. Fuarthas iarratais ó Chomhairlí Chontae Chorcaí, na Gaillimhe, Mhaigh Eo, Shligigh agus Dhún na nGall. Mar is eol don Teachta, d’fhógair mé deontais d’os cionn €800,000 ina n-iomláine an tseachtain seo caite do cheithre cinn de na comhairlí sin. Tá iarratas Chomhairle Chontae Dhún na nGall á mheas ag mo Roinn go fóill agus breis faisnéise iarrtha aici ón gComhairle ina thaobh. Ach an fhaisnéis bhreise a bheith faighte ag mo Roinn, bheifí muiníneach go mbeifí ábalta fógra dearfach maidir le hoileáin Dhún na nGall a dhéanamh gan mhoill.

Barr
Roinn