Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oideachas Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 June 2017

Tuesday, 27 June 2017

Ceisteanna (244)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

244. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfagfár an liúntas Gaeltachta ag na múinteoirí sna scoileanna a roghnaíonn gan a bheith páirteach mar scoil Ghaeltachta faoin mbeartas nua Oideachais Gaeltachta atá á chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [30182/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Níl aon mholadh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta le hathrú a dhéanamh ar na tuarastail nó liúntais atá ag na múinteoirí faoi láthair sna scoileanna atá lonnaithe sna limistéir pleanála teanga Ghaeltachta. Is féidir liom a dheimhniú, freisin, nach bhfuil aon chinneadh déanta na liúntais Ghaeltachta a bhaint de na múinteoirí atá ag feidhmiú faoi láthair.

Barr
Roinn