Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 3 October 2017

Tuesday, 3 October 2017

Ceisteanna (190)

Catherine Connolly

Ceist:

190. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Oideachais agus Scileanna an dtabharfaidh sé soiléiriú maidir le stádas an iarratais atá déanta ag scoil (sonraí tugtha), go háirithe ós rud é gur chuir an scoil an soiléiriú ar na costais a bhí iarrtha ag an Roinn isteach an 29 Meitheamh 2017; an bhfuil cinneadh déanta ina leith; mura bhfuil, cén uair a bheidh cinneadh déanta; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [41713/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Cheadaigh mo Roinn deontas cineachta suntasach i Meán Fómhair 2014 don scoil i dtrácht le haghaidh leathnú buan agus oibreacha athchumraíochta trína ndéanfaí gach cóiríocht réamhdhéanta a bhaint de láithreán na scoile.

Fuair mo Roinn soiléiriú i dtaca le moladh le haghaidh réimse níos leithne d’oibreacha ina bhfuil impleachtaí costais suntasacha i gceist. Tá an t-ábhar á mheas faoi láthair agus beidh mo Roinn i dteagmháil leis an scoil arís maidir leis an ábhar chomh luath agus is féidir. 

Barr
Roinn