Glacadh an cinneadh chun deireadh a chur le deontais chun tréimhse a chaitheamh sa Ghaeltacht le linn na géarchéime eacnamaíochta nuair a bhí cinntí an-deacra le déanamh, ar an drochuair, chun cúrsaí airgeadais an náisiúin a chobhsú. Tugadh tosaíocht do chosaint acmhainní le haghaidh seirbhísí tosaigh oideachais oiread agus ab fhéidir, agus is ábhar dúshlánach é seo fós agus líon na bpáistí in aois scoile ag méadú de shíor. Níl an maoiniú a theastaíonn leis an tacaíocht seo a thabhairt ar ais arís ag mo Roinn.
Ba cheart a thabhairt ar aird, gur féidir le mic léinn a fhaigheann deontas mac léinn lena n-áirítear 100% de dheontas táillí, nó mic léinn a cháileodh le haghaidh deontas iomlán táillí murach na Scéimeanna Táillí Saor in Aisce, iarratas a chur isteach le haghaidh maoinithe i dtreo costas taistil agus cóiríochta faoin ngné turais allamuigh de dheontas táillí, faoi réir ghnáth-théarmaí agus ghnáthchoinníollacha na scéime deontais mac léinn.
Taobh amuigh de seo, i gcás imthosca a bhaineann le riachtanais faoi leith, féadfaidh mic léinn iarratas a chur isteach le haghaidh tacaíochta faoin gCiste um Chúnamh do Mhic Léinn. Is féidir teacht ar bhreis faisnéise maidir leis an gciste seo ón Oifigeach Rochtana san institiúid tríú leibhéal a bhfuiltear ag freastal uirthi.