Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Aitheantas Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 25 October 2017

Wednesday, 25 October 2017

Ceisteanna (67)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

67. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil meastóireacht déanta ag a roinn ar an iarratas ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ar aitheantas do choláiste (sonraí tugtha), mar mheánscoil neamhspleách dara leibhéal; cén uair a dhéanfar cinneadh ar an iarratas sin; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44813/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá iarratas faighte ag an Roinn maidir le Coláiste Naomh Eoin, Inis Meáin, le go ndéanfaí machnamh ar stadas neamhspleách a bhronnadh ar scoil an oileáin. Tá an t-iarratas á mheas faoi láthair.

Barr
Roinn