Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Scéim na nOibreacha Éigeandála

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 14 November 2017

Tuesday, 14 November 2017

Ceisteanna (177)

Peadar Tóibín

Ceist:

177. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna cén staid ina bhfuil an t-iarratas ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ar leithris bhreise a sholáthar do scoil (sonraí tugtha) , faoin scéim éigeandála do scoileanna; cathain a eiseoidh an roinn toradh an chinnidh seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [48035/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is féidir liom a dheimhniú go bhfuil iarratas déanta ag an mBord Oideachais agus Oiliúna a bhfuil an Teachta Dála ag tagairt dó chuig mo Roinn ar mhaoiniú le haghaidh áiseanna leithris breise don scoil faoi chaibidil faoi Scéim Oibreacha Éigeandála mo Roinne. Tá an t-iarratas á mheas faoi láthair agus cuirfear an cinneadh in iúl d’Údarás na Scoile chomh luath agus is féidir.

Barr
Roinn