I propose to take Questions Nos. 219 and 220 together.
Is iad seo a leanas na ceapacháin agus ardú céimeanna sa Roinn Oideachais agus Scileanna go dtí seo i 2017:
Ardú Céimeanna
Grád
|
Uimhir
|
Príomh Cigire Cúnta
|
1
|
Roinn Cigire
|
4
|
Ard Siceolaí Oideachais
|
1
|
Rúnaí Cúnta
|
2
|
Príomh Oifigeach
|
2
|
Leas Príomh Oifigeach
|
7
|
Ard Oifigeach Feidhmiúcháin
|
19
|
Oifigeach Riaracháin
|
2
|
Ceapacháin
Grád
|
Uimhir
|
Leas Príomh Cigire
|
1
|
Cigire Luachblianta
|
4
|
Roinnchigire Bunscoile
|
4
|
Cigire Iar- bhunscoile
|
1
|
Síceolaí Oideachais
|
27
|
Staitisteoir
|
1
|
Innealtóir Grád 1
|
1
|
Ailtire
|
1
|
Priomhoifigeach
|
2
|
Priomhoifigeach Cúnta
|
0
|
Ard Oifigeach Feidhmiúcháin
|
4
|
Oifigeach Riaracháin
|
4
|
Oifigeach Feidhmiúcháin
|
12
|
Oifigeach Cléireachais
|
41
|
Glantóir
|
2
|
Faoi láthair tá 1,300 nó mar sin duine fostaithe inson Roinn Oideachais agus Scileanna.
Is iad na príomhghráid sa Roinn atá gafa le seirbhísí a sheachadadh ar phobal na Gaeilge ná na gráid a bhaineann le cigireacht na scoileanna agus le soláthar na seirbhísí síceolaíochta oideachais a chuireann An tSeirbhís Náisiúnta Síceolaíochta Oideachais ar fáil do scoileanna i gceantair Ghaeltachta agus do Ghaelscoileanna. Tá 24 síceolaí oideachais sa tSeirbhís faoi láthair atá inniúil sa Ghaeilge agus a chuireann a gcuid seirbhísí proifisiúnta ar fáil trí Ghaeilge. Tá 51 cigire i Rannán Chigireacht na Scoileanna ag an mbunleibhéal agus tá 48 díobh seo freagrach as scoileanna ina múintear an siollabas trí Ghaeilge. Tá 11 de na cigirí seo freagrach as scoileanna Gaeltachta mar go bhfuil na scoileanna sin mar chuid den cheantar acu. Ag an mbunleibhéal is speisialtóirí in ábhar-réimsí na cigirí den chuid is mó. Cuireann foireann na cigireachta iar-bhunleibhéal a cuid seirbhísí ar fáil chomh maith do scoileanna ina múintear an curaclam trí Ghaeilge. Faoi láthair tá dóthain de bhaill foirne proifisiúnta ann atá inniúil sa Ghaeilge chun seirbhísí proifisiúnta a sheachadadh do na scoileanna i gceist.
I mí Éanair 2017 bunaigh mo Roinn Aonad nua An tAonad um Oideachas Gaeltachta. Tá ceathrar ag obair ann is tá siad go léir líofa í nGaeilge. I dteannta sin tá líon oifigigh riaracháin atá ábalta plé le fiosrucháin trí mhéan na Gaeilge".