Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 28 November 2017

Tuesday, 28 November 2017

Ceisteanna (628, 629)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

628. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cén líon iomlán foirne atá fostaithe ina Roinn faoi láthair; cé mhéid post atá daingnithe nó aitheanta ag an Roinn (i scéim teanga, nó ar aon bhealach eile) mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; cé mhéid duine atá ann ag a bhfuil líofacht i nGaeilge agus atá ag feidhmiú sna poist sin atá daingnithe no aitheanta mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo; an bhfuil sé beartaithe ag an tráth seo aon phost eile de chuid na Roinne a aithint mar phoist a bhfuil riachtanas Gaeilge. [50688/17]

Amharc ar fhreagra

Éamon Ó Cuív

Ceist:

629. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cé mhéid folúntas a líonadh ina Roinn ó thús na bliana seo; cé mhéid de na folúntais sin a bhain le poist a bhí sainaitheanta mar phoist a raibh Gaeilge riachtanach ina leith; cé mhéid folúntas atá le líonadh faoi láthair agus cé mhéid de na folúntais siúd atá sainaitheanta mar fholúntais a bhfuil riachtanas Gaeilge ag baint leo. [50705/17]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

I propose to take Questions Nos. 628 and 629 together.

Bunaíodh an Roinn Forbhartha Tuaithe agus Pobail ar an 19ú mí Iúil 2017. Faoi láthair, tá 122 fostaithe sa roinn. Fostaíodh 28 oibrithe ó bhunú an roinn. Tá 42 oibrithe breise fostaithe ag an Rialálaí Carthanacht.

Tá earcaíocht ar siúl faoi láthair le haghaidh folúntas bhreise.

Níl aon poist sa roinn agus baint riachtanach ag an Gaeilge leis, áfach, aithníonn an roinn an cúram chun seirbhísí áirithe a chur ar fáil don phobal trí Ghaeilge. Tá roinnt daoine sa roinn agus is féidir leo déileáil le freagracht agus fiafraí trí Ghaeilge, de réir mar is gá.

Barr
Roinn