Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Oibreacha Feabhsúcháin do Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 February 2018

Tuesday, 27 February 2018

Ceisteanna (277)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

277. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a dhéanfar cinneadh ar iarratas ó Bhord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ar chóiríocht fheabhsaithe, seomra acmhainní san áireamh, do scoil (sonraí tugtha) ar cuireadh iarratas isteach ina leith i mí an Mheithimh 2017; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [10074/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ba mhaith liom a chur in iúl go bhfuil an t-iarratas ar chóiríocht bhreise ag an scoil i gceist fós á phlé. Táimse ag súil go n-eiseofar cinneadh go díreach chuig údarás na scoile gan mhoill.

Barr
Roinn