Tógfaidh mé Ceisteanna Uimh. 388 agus 389 le chéile.
Mar a bheidh sé ar eolas ag an Ionadaí, d’fhógair mé pleananna chun 42 scoil úr a bhunú thar na 4 bliana amach romhainn (2019 go 2022), lena n-áirítear iarbhunscoil úr a bhunófar in 2020 agus bunscoil úr a bhunófar in 2019 chun freastal ar limistéir phleanála scoile Bhaile Átha Cliath 6_Cluain Sceach & ar Bhaile Átha Cliath_6W (ina gcuimsítear cuid de cheantar poist Bhaile Átha Cliath 12) mar réitigh réigiúnacha. Tagann an fógra seo sna sála ar chleachtaí déimeagrafacha ar fud na tíre a rinne mo Roinn maidir leis an ngá a bheidh ann amach anseo le haghaidh bunscoileanna agus iarbhunscoileanna ar fud na tíre agus leis an tréimhse 4 bliana beifear ábalta na tréimhsí tosaithe maidir le pleanáil agus seachadadh an bhonneagair riachtanaigh a mhéadú.
Nuair a chinnfear, bunaithe ar anailís dhéimeagrafach, go dteastaíonn scoil úr, tionólfar próiseas pátrúnachta. Is féidir le gach iarratasóir ionchasach pátrúin soláthar oideachais trí Ghaeilge a mholadh ina n-iarratas. Tá roghnachas tuismitheoirí do gach pátrún ó thuismitheoirí páistí atá ina gcónaí sa cheantar pleanála scoile, mar aon le méid na héagsúlachta atá ar fáil faoi láthair sa cheantar, tábhachtach do chinntí i dtaca le toradh an phróisis seo. Tá roghnachas tuismitheoirí maidir le meán teagaisc na scoile úir ina chuid shonrach den phróiseas measúnaithe agus cuireann sé bonn eolais faoi chinntí maidir le meán teagaisc na scoile.