Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tionscadail Tógála Scoileanna

Dáil Éireann Debate, Thursday - 19 April 2018

Thursday, 19 April 2018

Ceisteanna (141)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

141. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna cén uair a cheadófar airgead chun síneadh a chur le scoil (sonraí tugtha) agus chun athchóiriú a dhéanamh uirthi freisin; an mbeidh mórán moille leis an gceadú ó tharla go bhfuil an t-eolas a bhí ar iarraidh curtha isteach anois; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [17183/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi mar is eol don Teachta, cheadaigh mo Roinn deontas cineachta nach beag leis an scoil i gceist i mí Mheán Fómhair na bliana 2014, chun síneadh buan agus oibreacha athchumraithe a dhéanamh lena n-éascófaí go mbainfeadh  gach cóiríocht réamhdhéanta de shuíomh na scoile.

Is eol duit freisin go raibh mo Roinn ag feitheamh ar a thuilleadh eolais i ndáil le plean costais leasaithe, rud a fuarthas cúpla lá ó shin (13 Aibreán). Táthar ag iniúchadh an phlean costais leasaithe faoi láthair, agus beidh mo Roinn i dteagmháil leis an scoil faoin ábhar go luath.

Barr
Roinn