Rinne mo Roinn breithniú ar an gcomhfhreagras a ndearna an Teachta tagairt dó maidir le Príomhoide Riaracháin a cheapadh agus eisíodh freagra le déanaí.
Foilsítear na critéir a bhaineann le leithdháileadh poist mhúinteoireachta go bliantúil ar shuíomh gréasáin na Roinne. Úsáidtear an sceideal foirne don scoilbhliain ábhartha agus rolluithe na ndaltaí ar an 30 Meán Fómhair roimhe sin mar eochairthoisc chun na hacmhainní foirne a chuirtear ar fáil i ngach scoil faoi leith a chinneadh.
Tá na critéir a bhaineann le Príomhoide Riaracháin a cheapadh i scoil, a bhaineann le rollú, leagtha amach in Aguisín B de Chiorclán 0010/2018. Ní shásaíonn an scoil dá dtagraíonn an Teachta na critéir sin. Ní féidir na socruithe sin a athrú.
Feidhmítear an sceideal foirne go soiléir agus go trédhearcach agus caitear le gach scoil den chineál céanna ar an mbealach céanna beag beann ar an áit ina bhfuil said.