Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Forbairt Calaí agus Céanna

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 May 2018

Tuesday, 15 May 2018

Ceisteanna (607)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

607. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an bhfuil sé i gceist ag a Roinn i gcomhar le pobal Árann agus Comhairle Contae na Gaillimhe plean forbartha a réiteach do chalaphort Chill Rónáin le go mbeidh saoráidí níos fearr ann do na báid iascaigh, na báid farrantóireachta agus na báid pléisiúir agus do gach duine a úsáideann an ché; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20877/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá Calafort Chill Rónáin faoi chúram Chomhairle Chontae na Gaillimhe. Is faoin eagraíocht sin a bheadh sé, dá réir, aon phlean faoi fhorbairt an chalafoirt a réiteach. Mar is eol don Teachta, tamall de bhlianta ó shin, chuir mo Roinn maoiniú substaintiúil ar fáil do Chomhairle Chontae na Gaillimhe chun an calafort a athchóiriú.

Éisteoidh mise agus mo Roinn araon le haon tuairimí ón gComhairle agus, go deimhin, ó phobal an oileáin faoin ábhar luaite.

Barr
Roinn