Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foilseacháin Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 May 2018

Tuesday, 15 May 2018

Ceisteanna (608)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

608. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta céard atá i gceist aici a dhéanamh le tuilleadh cúnaimh a thabhairt don fhoilsitheoireacht i nGaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [20879/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá ról reachtúil ag Foras na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn ar bhonn uile-oileáin. Sa chomhthéacs sin, tá cúrsaí scríbhneoireachta agus foilsitheoireachta á gcur chun cinn ag an Fhoras ar bhonn leanúnach tríd An Gúm, Clár na Leabhar Gaeilge, Áis agus tionscadail eile.

Cuireann An Gúm, a thagann faoi chúram Fhoras na Gaeilge ó 1999, foilseacháin agus áiseanna ar fáil a thacaíonn leis an oideachas trí mheán na Gaeilge agus le húsáid na Gaeilge i gcoitinne. Foilsíonn An Gúm leabhair do dhaoine fásta fosta. Le linn 2017, chuir An Gúm 14 fhoilseachán ar fáil i réimse an oideachais, idir leabhair chlóite, phóstaeir, ábhar ar líne agus chlosábhar. Tuigtear dom go bhfuil sé aontaithe idir Fhoras na Gaeilge agus An Roinn Oideachais agus Scileanna tionscadal trí bliana eile a thionscnamh chun forbairt a dhéanamh ar an gclár teagaisc Ghaeilge do na bunscoileanna Gaeltachta agus lán-Ghaeilge agus beidh idir fhoilseacháin chlóite agus áiseanna ar líne mar chuid den tionscadal sin.

Tá scéimeanna ar leith á reáchtáil ag Clár na Leabhar Gaeilge, a thagann faoi chúram Foras na Gaeilge ó 2007, chun tacú leis an bhfoilsitheoireacht i nGaeilge, mar shampla, Scéim na Foilsitheoireachta, Scéim na gCoimisiúin, Scéim na dTionscadal Litríochta, Scéim Meantóireachta agus Scéim ‘Scríobh leabhar’. Bhí buiséid iomlán de c €850,000 ag baint leis na scéimeanna sin i 2017.

Tá seirbhís leanúnach á chur ar fáil ag ÁIS (Áisíneacht Dáileacháin Leabhar) le soláthar cuí leabhar a chur ar fáil ar fud na tíre agus níos faide i gcéin. Tuigtear dom go raibh díolacháin de c.€900k ag ÁIS i 2017 chuig breis is 250 custaiméirí/siopaí leabhar.

Ar ndóigh, tacaíonn Foras na Gaeilge le foilsiú 3 mórfhoilseachán náisiúnta a bhaineann le réimsí éagsúla an tsaoil, eadhon, Tuairisc.ie (Scéim Nuachta Ar Líne), NÓS.ie (Scéim Iris Stílmhaireachtála) agus Comhar.ie (Scéim Iris Ghaeilge). Bhí buiséid iomlán de c.€500,000 ag baint leis na scéimeanna sin i 2017 agus tá na foilseacháin ar fáil ar líne saor in aisce do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear.

Cuireann Foras na Gaeilge go leor tacaíochtaí eile ar fáil don earnáil foilsitheoireachta i nGaeilge, ina measc:

- Scéim na bhFéilte – féiltí litríochta éagsúla ar nós Seachtain na Scríbhneoirí Lios Tuathail;

- Focail Eile - clár comhpháirtíochta idir eagraíochtaí cultúrtha i réigiúin Eorpacha chun líonra de shocrúcháin chruthaitheacha a chur ar bun do scríbhneoirí Eorpacha i mionteangacha;

- IMRAM - féile litríochta náisiúnta na Gaeilge; agus

- Gradaim liteartha náisiúnta na foilsitheoireachta - Gradam Uí Shuilleabháin (leabhar do dhaoine fásta), Gradam Reics Carlo (leabhar do dhaoine óga) agus Comórtais Liteartha Oireachtas na Gaeilge.

Is fiú a threisiú fosta go bhfuil maoiniú nach mó ná €240,000 curtha ar fáil do Chumann na bhFoilsitheoirí don tréimhse 2017 - 2019 chun tacaíocht mhargaíochta a sholáthar d'earnáil na foilsitheoireachta Ghaeilge, lena n-áirítear:

- Eolas maidir le leabhair nua a bhailiú ó na foilsitheoirí agus a chur ar fáil do shiopaí leabhar go luath agus ar bhonn rialta;

- Bunachar de léitheoirí leabhair a leathnú agus a bhainistiú agus eolas rialta a chur ar fáil dóibh ar na leabhair is déanaí;

- Feachtas margaíochta a fhorbairt i gcomhair le leabharlanna na tíre, leabharlanna an Tuaiscirt san áireamh; agus

- Feachtais náisiúnta/réigiúnacha a chur ar bun ar an raidió, tuairisc.ie, sna nuachtáin áitiúla agus ar na meáin shóisialta.

Tá tuilleadh eolais ar fáil ar shuíomh Fhoras na Gaeilge ag an nasc http://www.forasnagaeilge.ie/fuinn/leitheoireacht-foilsitheoireacht/.

Leis an raon leathan scéimeanna agus tacaíochtaí atá á gcur ag fáil ag an bhForas, táim sásta go bhfuil freastal maith á dhéanamh ag earnáil fhoilsitheoireacht na Gaeilge i láthair na huaire.

Barr
Roinn