Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú d’Fhoras na Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 11 July 2018

Wednesday, 11 July 2018

Ceisteanna (598)

Peadar Tóibín

Ceist:

598. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén costas a bhain le Scéim Labhairt na Gaeilge a chur i bhfeidhm sna blianta 2009, 2010 agus 2011 agus cén costas a bhainfeadh leis an scéim thabhairt ar ais [31101/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá na sonraí maidir leis an gcostas a bhain le Scéim Labhairt na Gaeilge a chur i bhfeidhm sna blianta 2009, 2010 agus 2011 leagtha amach sa tábla thíos.

Bliain

2009

697,000

2010

926,000

2011

412,000

Ní mhiste a mheabhrú don Teachta nach bhfuil na costais riaracháin a bhain le reáchtáil na scéime san áireamh sna figiúirí thuas. Ní gá a rá go raibh na costais sin suntasach i dtéarmaí acmhainní daonna agus airgid.  

Níl aon meastachán ar fáil ar an gcostas a bheadh i gceist chun an scéim a thabhairt ar ais.  

Barr
Roinn