Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú Chomhlachtaí Stáit

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 24 July 2018

Tuesday, 24 July 2018

Ceisteanna (2837)

Peadar Tóibín

Ceist:

2837. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta an soláthróidh sí eolas i dtábla maidir leis na hiarratais éagsúla a fuarthas ar mhaoiniú le haghaidh pleananna teanga agus maidir le stádas na n-iarratas sin faoi láthair. [33878/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá ocht bplean teanga ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga go dáta. Is iad na limistéir atá ceadaithe ná:

- Cois Fharraige;

- Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir;

- Cloch Chionaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach & Machaire Rabhartaigh;

- Na Déise;

- Muscraí;

- Chiarraí Theas;

- Dúiche Sheoigheach & Tuar Mhic Éadaigh; agus,

- Ciarraí Thiar.

Tá cúig phlean eile á meas ag an Roinn faoi láthair. Is iad sin:

- An Cheathrú Rua;

- Maigh Eo Thuaidh;

- Conamara Láir;

- Árainn Mhór; agus,

- Ráth Chairn agus Baile Ghib.

Beidh suas le €100,000 á chur ar fáil do gach ceann de na limistéir a cheadaítear agus beidh allúntas breise suas le €50,000 ar fáil i gcás na limistéir - Cois Fharraige; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire & Loch an Iúir, Ciarraí Thiar, Conamara Láir agus na trí Oileáin Árann - toisc go dtagann siad faoi chritéir cáilithe faoi leith.

Barr
Roinn