Beidh an tOifigeach Pleanála Teanga freagrach as stiúradh agus bainistiú éifeachtach a dhéanamh ar fheidhmiú an phlean teanga dá Limistéar Pleanála Teanga agus as an gclár oibre a eascróidh as a chur i bhfeidhm i gcomhar leis an gCeanneagraíocht agus an gCoiste Stiúrtha Pleanála Teanga cuí.
Is ag an gCeanneagraíocht a bheidh an toifigeach fostaithe agus, dá bhrí sin, is ceist do gach Ceanneagraíocht ar leith coinníollacha fostaíochta an oifigigh a leagan síos.
Tá an scála pá seo a leanas leagtha síos do na hOifigigh Pleanála Teanga:
€35,000; €37,500; €40,000; €42,500; €45,000; €47,500; €50,000.
Tabharfar solúbthacht don Cheanneagraíocht an tOifigeach a fhostú ag tosú amach ag aon cheann de na pointí ar an scála sin, ag brath ar cháilíochtaí, taithí, méid an limistéara; castachta teanga an limistéara agus clár feidhmithe an phlean teanga.