Peadar Tóibín
Ceist:575. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna chun a fhiafraí den Aire cad é líon na scoileanna ina mbíonn an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha á cleachtadh. [34528/18]
Amharc ar fhreagraDáil Éireann Debate, Tuesday - 24 July 2018
575. D'fhiafraigh Deputy Peadar Tóibín den Aire Oideachais agus Scileanna chun a fhiafraí den Aire cad é líon na scoileanna ina mbíonn an Fhoghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teangacha á cleachtadh. [34528/18]
Amharc ar fhreagraNí bhailíonn an Roinn sonraí den chineál seo na níl a leithéid ar fáil. Tá saoirse ag scoileanna cur chuige Foghlaim Chomhtháite Ábhar agus Teanga (FCÁT/CLIL) a úsáid agus tá an cur chuige seo curtha chun cinn cheana féin ag roinnt de na Boird Oideachais agus Oiliúna.
Leagan an Plean Gníomhaíochta Cúig Bliana na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge 2018-2022 amach réimse leathan de ghníomhartha don oideachas lena n-áirítear tiomantas na Roinne Oideachais agus Scileanna páipéar scóipe agus plean gníomhaíochta do chur i bhfeidhm FCÁT/ CLIL a fhorbairt le linn 2018-19.
Sa bhreis air sin, tá sé i gceist ag an Roinn píolótú a dhéanamh ar fheidhmiú FCÁT / CLIL mar mhodh chun tacú le foghlaim na Gaeilge thar na leibhéil réamhscoile, bunscoile agus iarbhunscoile le linn 2019-2021.