Cinneadh deireadh a chur leis na deontais don socrúchán Gaeltachta le linn na géarchéime eacnamaíche nuair ab éigean cinntí an-deacra a dhéanamh chun cúrsaí airgeadais an náisiúin a chobhsú. Tugadh tosaíocht do chosaint acmhainní do sheirbhísí tosaigh oideachais chomh fada agus a d'fhéadfaí sin a dhéanamh, agus baineann dúshlán mór leis sin go fóill agus an líon páistí atá in aois scoile ag fás.
Bheadh costas bliantúil isteach agus amach le €1.8m i gceist dá mbeadh an costas iomlán a bhaineann leis an socrúchán Gaeltachta do 1,200 ábhar múinteora á mhaoiniú ag mo Roinnse agus €1m dá gcuirfí na rátaí maoinithe a bhí ann roimhe seo i bhfeidhm.
Chun cuidiú leis an gcostas a bhaineann le socrúchán Gaeltachta a sheasamh, ba chóir a lua gur féidir le mic léinn a bhfuil deontas mic léinn á fháil acu a chuimsíonn deontas táille 100%, nó a bheadh incháilithe i gcomhair deontas iomlán táillí murach na Scéimeanna Saortháillí, cur isteach ar mhaoiniú i leith costais taistil agus lóistín, faoi ghné an turais allamuigh den deontas táille, faoi réir na ngnáththéarmaí agus coinníollacha a bhaineann le scéim deontais na mac léinn.
Seachas sin, i gcúinsí ina bhfuil gátar faoi leith, is féidir le mic léinn iarratas a dhéanamh ar thacaíocht ón gCiste Cúnaimh do Mhic Léinn. Tá eolas maidir leis an gciste sin ar fáil tríd an Oifigeach Rochtana san institiúid tríú leibhéal a bhfuiltear ag freastal uirthi.
Níl an maoiniú ar fáil do mo Roinnse chun an tacaíocht sin a chur ar ais.