Déanann an tábla ar leanúint cur síos ar na hoileáin i gContae na Gaillimhe ar ceadaíodh deontais ina leith i mbliana, an obair atá le cur i gcríoch agus suim an deontais a ceadaíodh. Tá na deontais ceadaithe ar bhonn 75% den chostas inghlactha:
Oileán
|
Cur síos ar na hoibreacha
|
Deontas na Roinne
|
Inis Bó Finne
|
Oibreacha ar bhóthar ag an cé nua
|
€750
|
Inis Bó Finne
|
Oibreacha ar 360m de bhóthar Clossey
|
€17,250
|
Inis Bó Finne
|
Dromchla nua le cur ar 325m den bhóthar idir an séipéal agus an cé nua.
|
€4,988
|
Inis Bó Finne
|
Dromchla úr ar 150m le clocha méilte (Mir 804) agus coiriú ansin le dromchla dúbáilte agus dromchla singil ar 150m eile den bhóthar ó theach Kieran Concannon go Dolphin Hotel agus cóiriú ar an mbóthar ó chúl an Inishbofin Hotel go teach Kieran Concannon.
|
€10,875
|
Inis Bó Finne
|
Dromchla nua le clocha meilte (Mir 804) agus coiriú le dromchla dúbáilte le cur ar an mbóthar ag Westquarter Village
|
€6,750
|
Inis Bó Finne
|
Cóiriú dromchla singil a chur ar 295m den bhóthar soir ón Aerstráice
|
€3,000
|
Inis Bó Finne
|
Obair Dhraenála agus obair ar acomhal ar bhóthar Clossey
|
€3,000
|
Inis Bó Finne
|
Coiriú de dhromchla singil a chur ar 80m den bhóthar idir East End Beach agus Cloonamore High Road Junction.
|
€1,125
|
Inis Bó Finne
|
Coiriú de dhromchla dúbailte a chur ar 405m de bhóthar Cloonamore.
|
€8,512
|
|
IOMLÁN
|
€56,250
|
Tuigfidh an Teachta go bhfuil mo Roinn ag brath ar na húdaráis áitiúla le hiarratais a dhéanamh ar a cúnamh chun bóithre ar na hoileáin a dheisiú.