Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foireann Roinne

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 24 October 2018

Wednesday, 24 October 2018

Ceisteanna (300)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

300. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Forbartha Tuaithe agus Pobail cad iad na céimeanna atá tógtha aige lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil in a Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [44392/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá cúigear fhoireann na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail tiomnaithe ar fáil chun seirbhís trí Ghaeilge a sholáthar. Chuir an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail oiliúint ar theanga na Gaeilge ar fáil do chúigear den fhoireann i 2018. Tá an Roinn tiomanta chun seisiúin theagaisc lóin agus foghlama a sholáthar maidir leis an nGaeilge, agus tugtar cuireadh do gach ball den fhoireann freastal ar na seisiúin seo. D’eagraigh an Roinn cur i láthair ar Acht na dTeangacha Oifigiúil leis an gCoimisinéir Teanga le déanaí, agus cuirfear a thuilleadh seisiún ar siúl sna míosa atá romhainn.

Barr
Roinn