Tugann an Clár Seirbhísí Pobail (CSP) tacaíocht do bhreis agus 400 eagraíocht pobail a sholáthraíonn seirbhísí áitiúila trí shamhail fiontar sóisialta. Cuirtear maoiniú ar fáil mar ranníocaíocht i dtreo costais bainisteoir agus líon poist lán aimseartha (FTE’s) comhaontaithe.
Chuir an eagraíocht a luadh plean ghnó faoi bhráid Pobal mar chuid den ghnáth próiséas ath-chonartha, Sraith CSP 1. Sa phlean ghnó, d’iarr an eagraíocht ardú maoine chun líon na bpost lán aimseartha a ardú agus uasghrádú ar phost lán áimseartha amháin chuig post bainisteora. Níor léirigh nádúr agus scála na heagraíochta ná a ghníomhaíochtaí mar a leagadh amach sa phlean ghnó go raibh riachtanas ann do bhainisteoir nua ná d’ardú i líon na bpost lán aimseartha. É sin ráite, moladh do Phobal iarradh ar an eagraíocht plean ghnó athbhreithnite a sheoladh chucu ag cur síos ar na tacaíochtaí breise atá de dhíth. Déanfar athmheasúnú ar sin i 2019 faoi réir chomhlíonadh critéir cuí an CSP agus i gcomhthéacs an maoiniú a bheidh ar fáil i rith na bliana.