Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú Údarás na Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 15 January 2019

Tuesday, 15 January 2019

Ceisteanna (1213)

Dara Calleary

Ceist:

1213. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cén soláthar airgid a cuireadh ar fáil i meastacháin 2018 agus i meastacháin 2019 d’Údarás na Gaeltachta, agus an méid sin briste síos idir soláthar caipitil agus reatha; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [54277/18]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Léiríonn an tábla thíos an soláthar airgid a cuireadh ar fáil don Údarás in 2018 agus an soláthar do 2019:

Údarás na Gaeltachta

2018Reatha€000

2018Caipitil€000

2019Reatha€000

2019Caipitil€000

C6 - Reatha Riarachán

€9,637*

€9,442

C7 - Reatha (Teangabhunaithe)

€3,350

€3,850

C8 – Caipiteal

€7,638**

€9,700***

Iomlán

€12,987

€7,638

€13,292

€9,700

* C6 2018 - Fuarthas ciste reatha breise de €0.4m don Údarás in 2018 mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne agus tá sé san áireamh sa bhfigiúr thuas.

**C8 2018 Fuarthas leithdháileadh caipitil breise de €0.638m don Údarás in 2018, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne agus tá sé san áireamh sa bhfigiúr thuas.

*** C8 2019 Maidir leis an soláthar caipitil do 2019, tá suim de €0.7m nár chaith an Roinn in 2018 tugtha ar aghaidh go 2019 a chuirfear ar fáil do bhuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go mbeidh buiséad iomlán caipitil de €9.7m á chur ar fáil ag mo Roinn don Údarás in 2019 le caitheamh ar chlár forbartha fiontraíochta agus fostaíochta na heagraíochta agus tá sé seo san áireamh sa bhfigiúr thuasluaite.

Is figiúirí sealadacha iad cinn 2018 a dheimhneofar i gCuntas Leithreasaithe na Roinne faoi réir iniúchadh an Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.

Barr
Roinn