Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Craoltóirí Seirbhíse Poiblí

Dáil Éireann Debate, Thursday - 9 May 2019

Thursday, 9 May 2019

Ceisteanna (149)

Catherine Connolly

Ceist:

149. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil an ndearna sé plé le húdaráis RTÉ maidir le teip an stáisiúin a gcuid dualgas reachtúil i leith craolachán i nGaeilge a chomhlíonadh; cad iad na torthaí a bhí aontaithe; cad é an plean gníomhaíochta a aontaíodh agus cad é an amlíne chun é a chur i bhfeidhm; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [20193/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

De réir Alt 98 den Acht Craolacháin 2009, is craoltóir neamhspleách náisiúnta seirbhíse poiblí é RTÉ agus, ar an ábhar sin, níl aon ról agamsa mar Aire ina chuid oibríochtaí ó lá go lá. Foilsíonn RTÉ Ráitis Bhliantúla ar Ghealltanais Feidhmíochta le spriocanna a bhaineann le réimse seirbhísí, an Ghaeilge san áireamh. Déanann Údarás Craolacháin na hÉireann, mar rialtóir neamhspleách, athbhreithniú ar a fheidhmíocht i gcomhthéacs na spriocanna sin gach bliain.

Barr
Roinn