Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Caiteachas Caipitiúil

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 26 June 2019

Wednesday, 26 June 2019

Ceisteanna (283)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

283. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta eolas a thabhairt maidir leis an leithdháileadh caipitil d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta do na blianta 2018 agus 2019; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [26970/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sonraí maidir leis an leithdháileadh caipitil d’Fhoras na Gaeilge agus d’Údarás na Gaeltachta do na blianta 2018 agus 2019 leagtha amach sa tábla thíos.

2018

2019

Foras na Gaeilge

€0

€0

Údarás na Gaeltachta

€7,638*

€9,700**

* Fuarthas leithdháileadh caipitil breise de €0.638m, mar thoradh ar shábháiltí in áiteanna eile i Vóta na Roinne, don Údarás in 2018 agus tá sé san áireamh san fhigiúr a sholáthraítear.

**Maidir leis an soláthar caipitil do 2019, tá suim de €0.7m nár chaith an Roinn i 2018 tugtha ar aghaidh go 2019 agus curtha isteach i mbuiséad caipitil an Údaráis. Ciallaíonn sé seo go bhfuil buiséad iomlán caipitil de €9.7m curtha ar fáil ag an Roinn don Údarás i 2019 le caitheamh ar thograí fostaíochta.

Barr
Roinn