I gcomhréir leis na spriocanna sonracha atá leagtha síos i gclár an Rialtais Comhpháirtíochta agus i Ráiteas Straitéise na Roinne, is iad na príomh thosaíochtaí atá agam dom Ghaeilge agus an Ghaeltacht do 2020 ná:
- Bille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) a achtú.
- Forfheidhmiú na Straitéise 20-Bliain don Ghaeilge, agus an Plean Gníomhaíochta a chur chun cinn;
- An Próiseas Pleanála Teanga a bhrú ar aghaidh;
- Tacú le fostaíocht a chruthú agus a chur chun cinn sa Ghaeltacht trí Údarás na Gaeltachta;
- Tacú leis an Ghaeilge a chuir chun cinn ar fud oileán na hÉireann trí Fhoras na Gaeilge;
- Plean dhigiteach don teanga a fhorbairt agus a fhoilsiú;
- Coiste Idir-rannach maidir le Forbairt na nOileán a bhunú, agus polasaí oileánda a fhorbairt.
Ar ndóigh, tá an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge fite fuaite le gníomhaíochtaí mo Roinne thar na réimsí Gaeilge agus Gaeltachta go léir, agus ta an plean gníomhaíochta 2018-2022 i bhfeidhm i gcomhar leis na páirtithe leasmhara. Tá dul chun cinn suntasach déanta le bliain anuas agus foilseofar an chéad tuarascáil ag tabhairt léiriú ar an obair atá déanta go gearr.
Maidir le cúrsaí buiséad, ní miste dom a mheabhrú don Teachta gur tríd an phróiseas Meastacháin agus Cáinaisnéise a dhéantar leithdháileadh ar an soláthar airgid a chuirtear ar fáil ar bhonn bliantúil do mo Roinn agus, go deimhin, do na Ranna Rialtais go léir. Sa chomhthéacs sin, tuigfidh an Teachta go ndéanfar an soláthar airgid don Ghaeilge agus don Ghaeltacht ón Státchiste don bhliain 2020 a mheas i gcomhthéacs an phróisis sin níos déanaí i mbliana.