Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Soláthar Iompar Scoile

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Ceisteanna (393)

Éamon Ó Cuív

Ceist:

393. D'fhiafraigh Deputy Éamon Ó Cuív den Aire Oideachais agus Scileanna an bhfuil sé i gceist aige a chinntiú go mbeidh dóthain spáis ar an mbus scoile a théann go scoil (sonraí tugtha) le freastal ar na scoláirí ar fad atá ag iarraidh ticéid lamháltais le dul go dtí an scoil seo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [35795/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Oibríocht shuntasach is ea Iompar Scoile, a bhainistíonn Bus Éireann thar ceann na Roinne.  I scoilbhliain 2018/19 iompraíodh breis is 117,500 páiste - 13,000 páiste le riachtanais speisialta oideachais ina measc - in os cionn 5,000 feithicil gach lá chuig bunscoileanna agus iar-bhunscoileanna ar fud na tíre, thar 100 milliún ciliméadar, rud a chosain breis is €200m in 2018. 

Is é cuspóir na Scéime Iompar Scoile tacú le hiompar páistí a chónaíonn i bhfad ón scoil is gaire dóibh a iompar chun na scoile agus abhaile, ag féachaint do na hacmhainní atá ar fáil.  De ghnáth, cáilíonn páistí d’iompar scoil má shásaíonn siad critéir maidir le fad ón scoil agus má fhreastalaíonn siad ar an scoil is gaire dóibh, de réir chinneadh na Roinne/Bhus Éireann, ag féachaint do chúrsaí éitis agus teanga.

Tá slí ag gach páiste a cháilíonn d’iompar scoile agus a chuir iarratas isteach in am, i gcás ina bhfuil an tseirbhís i dtrácht á cur ar fáil i scoilbhliain 2019/20. 

Páistí nach gcáilíonn d’iompar scoile, féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar iompar ar bhonn lamháltais amháin agus gheobhaidh siad áit má tá suíochán le spáráil tar éis áiteanna a thabhairt do na páistí cáilithe.  I gcás inar mó líon na bpáistí neamhcháilithe ná líon na suíochán atá le spáráil, leithdháilfidh Bus Éireann ticéid do na suíocháin atá le spáráil ar mhodh aontaithe roghnúcháin.

Tá milliún euro breise ceadaithe ag an Aire McHugh don bhuiséad iompar scoile chun íoc as bearta maolaithe sa ghearrthéarma a leigheasfadh an ganntanas áiteanna ar an gcóras iompair scoil iar-bhunscoile in 2019.  Bronnfar an t-airgead ar na ceantair sin is mó a bhfuil páistí iar-bhunscoile a d’íoc in am le haghaidh áit iompair scoile sa scoilbhliain 2019/2020 agus atá ag freastal ar an dara scoil is gaire dóibh.  Tá bearta áirithe deimhnithe againn chun cuid de na fadhbanna acmhainne a leigheas sna ceantair is mó éileamh sa tír.

Tá Bus Éireann ag obair leis an Roinn Oideachais agus Scileanna i gcónaí, ag próiseáil na n-iarratas agus ag dearadh bealaí le cinntiú go bhfaigheann gach dalta cáilithe a d’íoc in am áit ar an scéim iompar scoile.  Chuige sin, tá siad ag iarraidh a áit a thabhairt don líon is mó is féidir de dhaltaí lamháltais nuair a bhíonn suíocháin le spáráil.  Tá obair leanúnach ar siúl le Bus Éireann féachaint cá háit is fearr na hacmhainní teoranta a infheistiú chun an brú i gcodanna eile den tír a mhaolú.

Barr
Roinn