Is í an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT) a cheadaíonn na buiséid do na Forais Treasteorann uile, An Foras Teanga san áireamh. In éagmais CATT, tá an Foras Teanga ag feidhmiú faoi réir socraithe eatramhaigh ag leibhéal buiséid a ceadaíodh i 2016.
I 2018, de bharr luaineachta sna rátaí malartaithe airgeadais, bhí róchaiteachas de €11,926 ag Gníomhaireacht na hUltaise ar bhunsoláthar na heagraíochta. Sa bhliain chéanna, chaith Foras na Gaeilge beagnach an leithdháileadh iomlán a bhí ceadaithe dóibh faoi ré an CATT, le suim de €175,650 fagtha gan a bheith tarraingthe anuas ag deireadh na bliana.
I 2018, bhí maoiniú teagmhasach breise ar fáil i bhfomhír D de Vóta na Roinne, faoina gcuirtear maoiniú ar fáil don Fhoras Teanga, le freastal ar thionscadail aonuaire, lena n-áirítear taispeántas a fhorbairt ag oifigí Ghníomhaireacht na hUltaise i Ráth Bhoth, reáchtáil Bhliain na Gaeilge 2018 agus do chnapshuimeanna pinsin sa dá eagraíocht. Is sa bhreis ar an leithdháileadh faoi réir an CATT a bhí an maoiniú seo ar fáil.
Maidir le híocaíochtaí pinsin, is íocaíochtaí reachtúla iad seo agus is deacair caiteachas ar chnapshuimeanna pinsin a thuar go cruinn ag tús na bliana. Níor tháinig an riachtanas le haghaidh cnapshuimeanna chun cinn ag an méid a bhíothas ag tuar le linn 2018. Anuas air sin, bhí fochaiteachas ag an gClár Cholmcille agus ar fhorbairt taispeántas Ghníomhaireacht na hUltaise i Ráth Bhoth.
Ag eascairt as seo uile, bhí farasbarr de €702,897 fágtha sa bhfómhír ag deireadh na bliana. Aistríodh €500,000 de sin go dtí fomhír C9 de Vóta na Roinne le caitheamh ar sheirbhísí iompair oileáin agus chuaigh an fuílleach de €202,897 ar ais go dtí an státchiste.