Is tríd an Clár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga a chuireann mo Roinn tacaíocht airgid ar fáil chun áiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire a thógáil nó a uasghrádú sna ceantair Ghaeltachta. Déantar é sin mar thaca breise d'fheidhmiú an phróisis pleanála teanga atá faoi lán seoil anois sa Ghaeltacht.
Cé nach bhfuil aon scéim ná ciste ag mo Roinn faoina bhféadfaí cúnamh reatha a chur ar fáil do hallaí agus ionaid phobail, is féidir a bheith cinnte go leanfaidh mo Roinn ag cabhrú mar is cuí le cúnamh caipitil a chur ar fáil faoin gclár ar leas na hallaí agus ionaid pobail.
Ag aithint, ar ndóigh, go bhfuil rath chóras na gcoláistí agus na n-ionad pobail sa Ghaeltacht ag brath ar a chéile, chas oifigigh mo Roinne le toscaireacht ó hallaí pobail i nGaeltacht Chonamara le gairid agus pléadh na hábhair imní atá acu. Beidh an scéal ar fad á choinneáil faoi bhreithniú ag mo chuid oifigigh agus tuigim go bhfuil beartaithe cruinniú eile a shocrú go luath.