I propose to take Questions Nos. 339 and 356 together.
Ag eascairt as fógra an Taoisigh ar an 27 Meitheamh, tá socruithe á dhéanamh faoi láthair chun feidhmeanna oileánda mo Roinne a aistriú go dtí an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Go dtí go ndéanfar é sin, is í mo Roinn a bheidh freagrach as an gcúram sin. Bíonn teagmháil rialta idir oifigigh mo Roinne agus ionadaithe agus pobal na n-oileán, na hoileáin Ghaeltachta san áireamh, agus leanfar leis seo.
Tá i gceist agam féin cuairt ghairid a thabhairt ar Ghaeltacht Chonamara an tseachtain seo, agus tá mé ag súil go mór le cuairt a thabhairt ar gach ceantar Gaeltachta san am atá le teacht, na hoileáin Ghaeltachta ina measc.