Leagtar amach in Alt 114 d'Acht 2009 príomhchuspóirí agus cumhachtaí gaolmhara RTÉ, agus sainítear gur
- cheart go dtabharfadh na cláir léargas ar ilchineálacht chultúir oileán uile na hÉireann agus aird ar leith a thabhairt ar na hairíonna a shainíonn an cultúr sin agus an Ghaeilge go háirithe; ,
- go ndéanfar le clársceidil réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil a fhreagróidh d’éagsúlacht chultúir agus lena bhfreastalaítear ar ionchais an phobail i gcoitinne mar aon le hionchais daoine den phobal a bhfuil spéiseanna speisialta nó spéiseanna mionlaigh acu; agus,
- Ba chóir cláracha nuachta agus cláracha cúrsaí reatha i nGaeilge agus i mBéarla a bheith san áireamh i soláthar cláracha RTÉ
Tá RTÉ freagrach don Oireachtas agus faoi réir maoirseachta ag rialálaí neamhspleách, Údarás Craolacháin na hÉireann (BAI). I gcomhréir le hAlt 102 den Acht, foilsíonn RTÉ Ráitis Bhliantúla faoi Gheallúintí Feidhmíochta le spriocanna a bhaineann le réimse seirbhísí, an Ghaeilge san áireamh. Déanann an BAI a fheidhmíocht a athbhreithniú i gcomhthéacs na spriocanna sin gach bliain agus tuairiscíonn domsa maidir le haon difríochtaí a thagann chun cinn ina bhfeidhmíocht le hais a ngeallúintí agus thuarascáil an BAI agus cuirtear mo fhreagra faoi bhráid Thithe an Oireachtais. Ba chóir dom a lua go bhfuil RTÉ, i gcomhréir le hAlt 98 den Acht Craolacháin, 2009 neamhspleách maidir lena chuid cuspóirí a bhaint amach agus nach bhfuil aon ról agamsa ina chuid oibríochtaí laethúla ná ina chuid cinntí cláracha. Dá bhrí sin, ní bheadh sé ceart agamsa tuairim a thabhairt ar ábhar sceideal na gcláracha. Tá súil agam athbhreithniú bliantúil an BAI a fháil ar gheallúintí feidhmíochta 2019 RTÉ sna seachtainí amach romhainn agus tabharfaidh mé aird ach go háirithe ar a chuid tuairimí maidir le geallúintí RTÉ i leith na Gaeilge.
An méid sin ráite, tuigtear dom gur léiríodh in imscrúdú a rinne an Coimisinéir Teanga i 2018 nach raibh RTÉ ag craoladh réimse cuimsitheach clár i nGaeilge ar chainéil teilifíse an stáisiúin mar atá éilithe san Acht Craolacháin. Iarraidh ar RTÉ plean feidhmithe a ullmhú chun réimse cuimsitheach clár teilifíse i nGaeilge agus cláir theilifíse cúrsaí reatha i nGaeilge a chur ar fáil. Tuigtear dom go bhfuil ardú suntasach á bheartú ag RTÉ ar líon uaireanta na gclár Gaeilge ó 123 sa bhliain 2017 go dtí íosmhéid 533 sa bhliain 2020.