Mar is eol don teachta, is thrí an córas poiblí soláthair a dhéanann an Roinn iarratas ar thairiscintí dos na seirbhísí taistil agus lastais chuig na h-oileáin.
I gcás na seirbhísí farantóireachta, is é cur chuige na Roinne ná iarratas a dhéanamh ar sholáthróirí a chuirfeadh seoltaí ar fáil lena chinntiú go mbeidh fáil ag oileánaí ar sheirbhís rialta chuig an mórthír ó cheann ceann na bliana.
Íocann an fóirdheontas costais bunaithe na seirbhíse, chomh maith le líon íosmhéid seoltaí. I gcás agus go ndéantar éileamh breise ar sheoltaí a thiteann taobh amuigh do théarmaí an chonradh, is faoi an bhfarantóir iad sin a chuir ar fáil.
I gcás an t-seirbhís aeir, níl eitiltí rialta idir na h-oileáin dhá sholáthair mar chuid den conradh reatha agus tá éileamh déanta ag na h-eagraíochtaí pobail ar na h-oileáin go mbeadh a leithéid ar fáil sa chéad conradh PSO eile.
Tuigeann an Roinn an tábhacht a bhaineann le heitiltí dhá shórt agus tá sé i gceist go dtabharfaidh an chéad conradh eile PSO deis don chomhlacht seirbhíse freastal ar éileamh dhá shórt.