Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maoiniú d'Eagrais Ghaeilge

Dáil Éireann Debate, Thursday - 29 September 2022

Thursday, 29 September 2022

Ceisteanna (38)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

38. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cé na céimeanna atá glactha aici maidir leis an ngá atá ann maoiniú óna Roinn a chur ar fáil chun stáisiún raidió don aos óg a chur á craoladh ar bhonn buan, go luath agus go náisiúnta. [47288/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ó 2009 i leith, tá maoiniú á thabhairt ag mo Roinn do Raidió Rí-Rá, stáisiún raidió do dhaoine óga trí mheán na Gaeilge, a chraolann ar an idirlíon agus ar aipeanna fóin póca. Faoin gcomhaontú deontais reatha, tá €119,000 ceadaithe do Raidió Rí-Rá in 2022 agus €109,000 in 2023. Chomh maith leis sin, thug mo Roinn maoiniú caipitil €47,772 don stáisiún in 2020 chun uasghráduithe a dhéanamh ar spás stiúideo an stáisiúin.

Ar iarratas ó mo Roinn, tá Údarás Craolacháin na hÉireann ag tabhairt faoi thionscadal taighde trí chéim faoi láthair a bhaineann le seirbhís raidió trí Ghaeilge do dhaoine óga a chur ar fáil. Baineann Céim 1 den taighde seo leis an nGaeilge a chur chun cinn i measc lucht éisteachta óg in Éirinn i gcoitinne, agus scrúdófar chomh maith réimse ábhar maidir leis an éileamh ar sheirbhís hibrideach raidió, an cineál ábhair a bheadh feiliúnach don tseirbhís sin, agus an rochtain a bheadh uirthi. Baineann an taighde i gCéim 2 le tuairimí an sprioc-lucht éisteachta a bhfuiltear ag díriú air (daoine idir 15-34 bliain d’aois a úsáideann na meáin Ghaeilge ar bhonn rialta) maidir leis an réimse céanna ábhar. Baineann an taighde i gCéim 3 leis na gnéithe teicniúla a bheadh i gceist dá mbeadh seirbhís raidió do chainteoirí óga Gaeilge le craoladh ar an gcóras FM.

Táthar ag súil le tuairisc ar thorthaí an taighde seo faoi dheireadh na bliana. Beidh an tuairisc seo ina bonn eolais faoi aon chinneadh a bhaineann le seirbhís ar FM a bhunú.

Barr
Roinn