Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pleananna Oideachais

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 November 2022

Thursday, 24 November 2022

Ceisteanna (213)

Aindrias Moynihan

Ceist:

213. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Oideachais faoin líon daltaí in oideachas dara leibhéal le díolúine ó scrúdú sa Ghaeilge ach atá ag déanamh staidéar ar an bhFraincis, an nGearmáinis agus an Spáinnis san ardleibhéal don tSraith Shinsearach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [58539/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta nach bhfuil sé riachtanach do scoláire ar bith scrúdú a dhéanamh in ábhar ar bith lena n-áirítear an Ghaeilge chun pas a fháil i scrúdú.

Caithfidh gach scoláire staidéar a dhéanamh ar an nGaeilge mar chroí-ábhar seachas iad siúd a bhfuil díolúine acu ó staidéar na Gaeilge.

Is mar seo a leanas a bhí líon na scoláirí sa séú bliain a raibh díolúine acu ó staidéar na Gaeilge ach a raibh staidéir á dhéanamh acu ar an bhFraincis, an Ghearmáinis agus an Spáinnis in 2021/22:

Daltaí na 6ú Bliana i 2021/22

Díolúine ó staidéar na Gaeilge 4,337Fraincis á staidéar 2,413Spáinnis á staidéar 1,205Gearmáinis á staidéar 719

Barr
Roinn