Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pleananna Oideachais

Dáil Éireann Debate, Thursday - 24 November 2022

Thursday, 24 November 2022

Ceisteanna (214)

Aindrias Moynihan

Ceist:

214. D'fhiafraigh Deputy Aindrias Moynihan den Aire Oideachais faoin méid iarratas i bhfoirm thábla do na blianta 2018/2019, 2019/2020, 2020/2021, agus 2021/2022 le haghaidh díolúine ó scrúdú sa Ghaeilge; faoin méid diúltuithe ar na hiarratais sin i bhfoirm thábla do na blianta céanna faoi dhíolúine ó scrúdú sa Ghaeilge; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [58540/22]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Is féidir liom a chur in iúl don Teachta go mbaineann an cheist maidir le díolúintí ó staidéar na Gaeilge a dheonú le scoileanna aonair agus gur mar sin atá le blianta fada.

Mar atá leagtha amach sna ciorcláin ábhartha, ní mór do scoileanna sonraí maidir leis na díolúintí a dheonaítear a thaifeadadh ar na Bunachair Sonraí Ar Líne Bunscoile agus Iar-Bhunoideachais (POD agus PPOD).

Ní iarrann an Roinn ar scoileanna sonraí a sholáthar ar líon na n-iarratas ar dhíolúintí ó staidéar na Gaeilge a fhaightear nó a dhiúltaítear.

Barr
Roinn