Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Pleanáil Teanga

Dáil Éireann Debate, Wednesday - 25 January 2023

Wednesday, 25 January 2023

Ceisteanna (94)

Catherine Connolly

Ceist:

94. D'fhiafraigh Deputy Catherine Connolly den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir le Ceist Phairliminte 569322/22, an ndearbhóidh sí go bhfuil oifigeach pleanála teanga ceaptha i mBearna agus Cnoc na Cathrach; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [3745/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi mar a cuireadh in iúl roimhe seo sa bhfreagra ar Cheist Pharlaiminte 56932/22, rinneadh plean teanga an Limistéir Pleanála Teanga Ghaeltachta: Bearna agus Cnoc na Cathrach a fhaomhadh faoin bpróiseas pleanála teanga i mí Bealtaine 2021.

I mí an Mheithimh 2022, d’fhógair Údarás na Gaeltachta go rabhthas ag lorg áisitheora chun tús fheidhmiú an phlean teanga sa limistéar a bhrú chun cinn.

Ceapadh an té sin i mí Iúil 2022 agus tuigtear don Roinn go bhfuil céimeanna cuí glactha ag Coiste Pleanála Teanga Bhearna agus Chnoc na Cathrach leis an Oifig um Chlárú Cuideachtaí le struchtúr foirmiúil (comhlacht) a bhunú chun gur féidir leo bogadh ar aghaidh go dtí an chéad chéim eile.

Ina theannta sin meastar go mbeidh an post mar Oifigeach Pleanála Teanga á fhógairt ag an gceanneagraíocht sna seachtainí beaga atá amach romhainn.

Ní gá dom a rá go mbeidh mo Roinn ag leanúint suas an t-ábhar seo mar is cuí leis an Údarás gan mhoill lena chinntiú go mbrúitear an cás go ceann scríbe gan tuilleadh moille.

Barr
Roinn