Tá céimeanna idir lámha ag mo Roinn i dtreo comhairleoirí a lorg agus a cheapadh chun athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an gcéad 10 bplean atá ceadaithe faoin bpróiseas pleanála teanga - faoi mar a d’iarr na ceanneagraíochtaí pleanála teanga iad féin.
Foilsíodh an cuireadh chun tairisceana ar 16 Eanáir agus glacfar le hiarratais ó chomhlachtaí ar spéis leo tabhairt faoin obair idir seo agus 6 Feabhra. Meastar go dtógfaidh sé thart ar 6 mhí chun an obair a chur i gcríoch.
Is é an cuspóir a bheidh leis an athbhreithniú ná breathnú ar conas mar atá ag éirí le feidhmiú na bpleananna sin, cad atá ag oibriú agus cad is gá a fheabhsú. Táthar ag súil leis go gcabhróidh sé seo uile le feidhmiú an phróisis go ginearálta agus go mbeidh gach páirtí leasmhar in ann leas a bhaint as torthaí an athbhreithnithe ar bhonn comhpháirtíochta.
Ní gá a rá go bhfuil cistíocht á cur ar fáil ag mo Roinn i rith an ama tríd Údarás na Gaeltachta agus Foras na Gaeilge lena chinntiu go bhfuil an próiseas ag feidhmiú mar is cuí.
Tugtar léargas ar a bhfuil ar bun trí chéile faoi seo agus réimsí eile sa tuairisc bhliantúil is déanaí maidir le feidhmiú Phlean Gníomhaíochtaí an Rialtais don Ghaeilge, a bhfuil fáil air ar shuíomh mo Roinne.