Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Coláistí Samhraidh

Dáil Éireann Debate, Thursday - 26 January 2023

Thursday, 26 January 2023

Ceisteanna (37)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

37. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán cad iad na tacaíochtaí atá beartaithe aici a chur ar fáil do mhná tí na Gaeltachta chun a chinntiú go mbeidh dóthain acu ann le freastal ar éileamh na gcoláistí samhraidh i mbliana i bhfianaise na géarchéime a léiríodh ó thaobh mná tí a bheith ag éirí as, agus cén dáta faoina mbeidh na tacaíochtaí sin ar fáil. [3667/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ar mhaithe le deiseanna sealbhaithe agus saibhrithe teanga lasmuigh den chóras oideachais iarbhunscoile a chothú sa Ghaeltacht d’aos óg na tíre, cuireann mo Roinn fóirdheontas ar fáil faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge atá iníoctha le teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil dóibh siúd a ndéanann freastal ar chúrsa Gaeilge in aon cheann den c. 42 coláiste Gaeilge atá ag feidhmiú i 55 ionad ar leith atá aitheanta faoin gcóras.

De thoradh seo ar fad, déanann an Roinn infheistíocht shuntasach ar fiú os cionn €4m sa bhliain ar leas na hearnála a bhaineann breis agus 25,000 scoláire agus breis agus 500 teach lóistín Gaeltachta leas as, gan trácht ar na coláistí féin.

Chun cabhrú tuilleadh leis an earnáil, d'fhógair an Roinn cúig bheartas faoi leith ó bhí mí Márta 2022.I measc na mbearta sin, ceadaíodh méadú beagnach 20% ar an iomlán ar an deontas laethúil atá iníoctha ag an Roinn le soláthraithe lóistín atá cláraithe cheana féin faoi Scéim Foghlaimeoirí Gaeilge na Roinn.

Ina theannta sin, ardaíodh an deontas tosaithe aon uaire atá iníoctha do theaglaigh a chláraíonn don chéad uair faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge ó €2,000 go €6,000 - ionann le hardú 300% ar an gcúnamh a bhí á chur ar fáil ag an Roinn roimhe seo. Is é cuspóir na mbearta seo cabhrú leis na coláistí Gaeilge tuilleadh teaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a spreagadh chun lóistín a chur ar fáil dóibh agus go deimhin na teaghlaigh atá i mbun lóistín a chur ar fáil cheana a choinneáil sa chóras.

Táim sásta go bhfuil mo Roinn tar éis bearta tairbheacha a chur ar bun chun cabhrú tuilleadh leis an earnáil agus ní call a rá go mbeifear ag faire amach oiread is féidir i rith an ama mar a bhí go dtí seo, ar bhealaí breise chun tacú tuilleadh leis an earnáil laistigh de na hacmhainní atá agus a bheidh ar fáil.

Barr
Roinn