Tá an cheist trí chéile maidir le hathbhreithniú ar earnáil na gcoláistí mar a bhí iarrtha ag Conradh na Gaeilge á breithniú ag mo Roinn faoi láthair. Ar mhaithe le tacú tuilleadh leis an earnáil, cheadaigh mo Roinn roinnt beartais anuraidh de luach c. €1.5m le tacú tuilleadh leis an earnáil, ina measc:
- Ardaíodh fá fiche fán gcéad (20%) an deontas a íoctar le lucht lóistín an chórais faoi Scéim na bhFoghlaimeoirí Gaeilge de chuid na Roinne.
- Ardaíodh an deontas tosaithe do theaghlaigh nua ó €2,000 go dtí €6,000; agus,
- Cuireadh breis scoláireachtaí ar fáil chun go mbeidh deiseanna breise ag lucht freastail iar-bhunscoileanna DEIS na tíre freastal ar chúrsa Gaeilge sa Ghaeltacht.
Ní gá a rá go mbeifear ag faire amach mar is gnáth ar aon deis chun tuilleadh fós a dhéanamh ar leas na gcoláistí i mbliana.
Go deimhin, tá iarrtha ag mo Roinn roimh an Nollaig ar an scáthghrúpa CONCOS moltaí praiticiúla le buille faoi thuairim faoin gcostas ina leith a chur faoi bhráid mo Roinne maidir le rudaí sa bhreis, dar leo, a d’fhéadfaí a dhéanamh thar an méid atá déanta go nuige seo.