Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2023

Tuesday, 21 February 2023

Ceisteanna (100)

Mairéad Farrell

Ceist:

100. D'fhiafraigh Deputy Mairéad Farrell den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an gcuirfidh sí tacaíocht bhreise ar fáil do hallaí pobail na Gaeltachta; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [8599/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Faoi Chlár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga na Roinne cuirtear cúnamh caipitil ar fáil chun cabhrú le háiseanna pobail, teanga agus caitheamh aimsire ar nós hallaí pobail a thógáil nó a athchóiriú. Tá ciste ar fiú €3.2m ar fáil faoin gclár seo i mbliana.

D'fhógair mé le gairid deontas ar fiú os cionn €300,000 d'Údarás na Gaeltachta chun a chur ar chumas na heagraíochta cead pleanála a lorg le haghaidh Ionad Oideachais & Óige a thógáil in Indreabhán, Co. na Gaillimhe. Beidh an togra seo mar áis luachmhar do phobal Chois Fharraige, chomh maith le bheith in úsáid ag Coláiste Lurgan i rith an tsamhraidh.

Is i gcomhar leis an Údarás atá an togra á fhorbairt agus é mar an chéad cheann de phunann beag tograí caipitil eile a bhfuil sé i gceist ag mo Roinn agus an tÚdarás a bhrú chun cinn sa réimse turasóireacht chultúrtha.

In éindí le bheith ag maoiniú tograí móra, leanfaidh mo Roinn ag baint leas as an gClár Tacaíochtaí Pobail agus Teanga chun tacú le coistí deonacha chun áiseanna ar nós hallaí pobail a uasghrádú nó a thógáil.

Ní gá dom a rá mar sin go mbíonn an Roinn ag fáiltiú roimh iarratais faoin gclár i rith an ama agus déantar gach ceann a mheas faoi réir na gcritéar a bhaineann leis an gclár.

Barr
Roinn