Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 21 February 2023

Tuesday, 21 February 2023

Ceisteanna (101)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

101. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán an dtabharfaidh sí figiúirí sonracha i dtaobh an mhaoinithe atá curtha ar fáil ag Cultúr Éireann le haghaidh chur chun cinn an chultúir trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Stát, agus cén céatadán den mhaoiniú a cuireadh ar fáil in aghaidh na bliana le haghaidh cultúr teangabhunaithe trí Ghaeilge as an iomlán ó bunaíodh an eagraíocht. [8402/23]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Ní bhailíonn Cultúr Éireann sonraí faoi láthair maidir le figiúirí maoinithe do na healaíontóirí sin a oibríonn trí mheán na Gaeilge amháin ach tugann siad tacaíocht dóibh siúd a oibríonn trí mheán na Gaeilge ó bunaíodh é in 2005.

Ina straitéis is déanaí (2022 – 2025), thug Cultúr Éireann gealltanas dul sa tóir ar líon méadaithe ealaíontóirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge. Agus é sin san áireamh, rinne Foras na Gaeilge agus Ealaíon na Gaeltachta plé faoi mhéadú feasachta ar thacaíocht Chultúr Éireann i measc ealaíontóirí a oibríonn trí mheán na Gaeilge.

Ina theannta sin, tá athbhreithniú á dhéanamh ag Cultúr Éireann ar a phróisis faoi láthair chun bailiú sonraí agus measúnuithe níos éifeachtaí a chinntiú dóibh siúd a oibríonn trí Ghaeilge.

I measc na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht ó Chultúr Éireann a bhaineann le healaíontóirí a oibríonn trí Ghaeilge in 2022/2023 tá:

- Manchán Magan ar chamchuairt mhór sna Stáit Aontaithe ar Ionaid Chultúrtha na hÉireann, ag léiriú ‘Arán agus Im’. Márta - Bealtaine 2022 (Deontas: €45,000)

- Léiriú ‘Ar Ais Arís’ in Brú Theatre ag an 4ú Space Gallery, Montreal, Ceanada. Márta 2023 (Deontas: €5,000)

- Foilsitheoir Gaeilge Futa Fata ag glacadh páirte ag seastán na hÉireann ag Aonach Leabhar Leanaí Bologna. Bealtaine 2022 (Deontas: €1,200)

- Annemarie Ní Churreáin ag glacadh páirt sa 7ú Féile Ealaíne & Litríochta in Odisha, India. Samhain 2022. (Deontas: €1,000)

- Doireann Ní Ghríofa, ag glacadh páirt sa 22ú Féile Idirnáisiúnta Litríochta i mBeirlín, sa Ghearmáin. Meán Fómhair 2022 (Deontas: €700)

- Aifric Mac Aodha ag glacadh páirte i bhFéile na Laethanta Filíochta agus Fíona 2022, i Ptuj, Selce agus Križevci pri Ljutomeru, sa tSlóivéin. Lúnasa 2022 (Deontas: €1,000)

- Lorcán Mac Mathúna ag léiriú mar chuid de ‘The Real Merlin’, i Sasana, in Albain agus sa Bhreatain Bheag. Feabhra - Deireadh Fómhair 2023 (Deontas: €4,000)

Barr
Roinn